Tá sé ráite ag saineolaí sláinte poiblí go bhfuil taisteal thar bóchna ar cheann de na bealaí is mó leis an ngalar Covid-19 a scaipeadh agus nár mhór na rialacha céanna faoi thaisteal a chur i bhfeidhm sa tír ar fad, idir thuaidh agus theas.

Dúirt an tOllamh Gabriel Scally ó Ollscoil Bhriostó i Sasana go gcaithfidh an Rialtas sa Phoblacht agus feidhmeannas Stormont sa Tuaisceart comhréiteach a dhéanamh faoi rialacha taistil.

Tá deireadh curtha sa Tuaisceart ó inniu leis an riail go gcaithfidh daoine a chaith seal i mbreis agus leathchéad tír thar lear fanacht amach astu féin ó dhaoine eile ar feadh coicíse.

Ceaptar anois go gcuirfidh roinnt mhaith daoine sa Tuaisceart eitiltí as Aerfort Bhaile Átha Cliath in áirithe.

Tá an tOllamh Scally den tuairim cé gur cheart go mbeadh cead ag daoine taisteal thar lear gur cheart freisin go mbeadh iallach orthu dul ar coraintín ach a d'fhillifidís ar Éirinn.

Dúirt sé go bhfuil neart óstán gar d'aerfoirt na tíre a bheadh feiliúnach mar láithreacha coraintín.

Agus tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh sé éigeantach ón Luan seo chugainn maisc a chaitheamh ar an gcóras iompair phoiblí.