Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí faoi lear trí chileagram den druga hearóin a fuarthas i gcathair Chorcaí aréir.

Meastar luach €425,000 a bheith sna drugaí a fuarthas i ngluaisteán ar Bhóthar Radharc an Chuain i gCnoc na hAoine i dtuaisceart na cathrach.

Gabhadh an bheirt fhear, atá 42 agus 47 bliain d'aois, ar an láthair agus tá siad á gceistiú i Stáisiún Gardaí Gharrán na mBráthar.

Deir na Gardaí gur chuardaigh siad an gluaisteán tar éis do dhaoine ón bpobal áitiúil tuairisc a chur chucu go raibh "gníomhaíocht neamhghnách" ar bun sa cheantar.