Dúirt an Príomhoifigeach Gníomhach Leighis an Dr Rónán Glynn go bhfuil imní air go leathfaidh an coróinvíreas muna bhfanfaidh daoine a bheas ag ócáidí sóisialta an deireadh seachtaine seo achar áirithe amach óna chéile.

Bhí grúpaí móra bailithe taobh amuigh de roinnt tithe ósta an deireadh seachtaine seo caite agus iad ar mhuin mhairc a chéile, agus dúirt an Dr Glynn go mbeadh imní dá dtarlódh a leithéid arís an deireadh seachtaine seo.

De réir na faisnéise a foilsíodh tráthnóna inné, tá an 23 duine is deireanaí a bhfuil an galar Covid-19 tolgtha acu faoi 44 bliain d'aois agus tá 77% díobh faoi 25 bliain.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go bhfuil ardú tagtha ar líon na gcásanna de Covid-19 le coicís agus go bhfuil uimhir atáirgthe an choróinvíris ó dhuine go duine ardaithe go dtí 1 nó os a chionn. 

Tedros Ghebreyesus

Mhaígh ardstiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte Tedros Ghebreyesus nach bhfuil an coróinvíreas curtha faoi smacht ná baol air, agus gur ag leathadh tuilleadh atá sé.

Dúirt sé go bhfuil an líon cásanna ar fud an domhain tar éis dúbailt le sé seachtaine.

Tá an aicíd tolgtha ag beagnach 12 milliún duine go dtí seo agus tá os cionn 544,000 duine básaithe dá bharr.