Fógraíodh tráthnóna go bhfuil seisear eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné agus go bhfuil 23 cás nua ann.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 1,743 duine atá básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus tá sé tolgtha ag 25,565 duine. 

D'fhógair an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí freisin go bhfuil ardú tagtha ar líon na gcásanna de Covid-19 le coicís agus go bhfuil uimhir atáirgthe an choróinvíris ó dhuine go duine ardaithe go dtí 1 nó os a chionn. 

Tosaíonn an víreas ag leathadh arís nuair a théann an uimhir atáirgthe os cionn 1 agus dúirt an tOllamh Nolan go gcaithfimid go léir a bheith aireach agus airdeallach i bhfianaise an scéala seo. 

An tOllamh Philip Nolan

Dheimhnigh na húdáráis sláinte tráthnóna chomh maith go bhfuil íoslódáil déanta ag 1,071,580 duine ar an aip a choinníonn cuntas ar dhaoine a bhí i ngar do dhaoine eile a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu. Seoladh an aip arú inné.

Níos túisce, dearbhaíodh nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil trí chás nua den ghalar ann.

Tá 554 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 5,768 duine ann.