Dúirt urlabhraí an Tánaiste gur dearmad a bhí sa mhéid a dúirt Leo Varadkar sa Dáil inniu maidir le seirbhísí cúraim leanaí. Bhí ráiteas an Tánaiste bunaithe ar eolas míchruinn a bhí tugtha ag an Roinn Leanaí dó, dar leis an urlabhraí. 

Bhí sé tugtha le fios ag Leo Varadkar sa Dáil go mb'fhéidir nach n-osclódh beagnach 40% de naíolanna agus d'ionaid leanaí na tíre i mí Mheán Fómhair mar gheall ar an ngalar Covid-19.

Is cosúil nach bhfuil sé sin cruinn agus tá ráiteas soiléirithe le heisiúint.

Bhí sé ráite ag Leo Varadkar gur mian leis an Rialtas go n-osclódh gach ionad cúraim leanaí san fhómhar agus go bhfuil faisnéis á bailiú faoi láthair maidir leis na dúshláin atá rompu.

Tá 60% de  lucht seirbhísí leanaí tar éis cur in iúl go mbeidh siad ag oscailt a gcuid ionad arís i mí Mheán Fómhair, a dúirt sé, agus d'fhéadfadh níos mó fós a bheith i gceist faoin am go mbeidh tús na míosa sin buailte linn.

Ag tabhairt freagra a bhí sé ar an Teachta Dála Peadar Tóibín ó Aontú a dúirt go raibh seacht n-ionad cúraim leanaí i mBaile Átha Cliath tar éis dúnadh ó inné agus go bhfuil 55 dúnta ar fud na tíre le seachtain.

Mhaígh Peadar Tóibín go bhfuil cúrsaí in anord agus go creideann lucht cúraim leanaí go bhfuil an Roinn Leanaí ag déanamh faillí d'aon turas san earnáil.