Le Tomás Ó Mainnín

Tá súil ag comhlacht i gCo an Chláir cur lena meitheal oibre tar éis dóibh dearadh nua neamhghnách a dhéanamh ar an gcamán iománaíochta.

Déanta as bunábhar níos inmharthana ná an fhuinseog atá an camán nua i bhfianaise an damáiste atá déanta do choillte fuinseoige ag an ngalar críonadh siar. 

Is é an bambú bunábhar an chamáin nua a seoladh an tseachtain seo. 

Tá muintir Torpey ag déanamh camán traidisiúnta as fuinseog in aice Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh i gCo an Chláir le 30 bliain.

Tá suas le deichniúr fostaithe acu, ach tá súil acu cur leis an líon sin má bhíonn rath ar a n-earra nuálach.

Tá taighde cúig bliana déanta i gcomhar le hollscoil i Sasana ag comhlacht Torpey agus tá os cionn €300,000 caite acu ar dhearadh an chamáin nua.

Tá sé ar cóimhéid agus ar cóimheáchan leis an gcamán traidisiúnta ach is cosúil go bhfuil sé níos láidre agus níos cruinne.

Deir Seán Torpey go bhfuil sé de bhuntáiste ag an gcamán nua gur féidir é a athdhéanamh de réir na dtoisí céanna arís agus arís eile, rud a oirfidh go mór d'imreoirí sinsearacha.

Deir sé gur féidir an bambú a bhaint tar éis cúig bliana fáis i gcomparáid leis an 30 bliain a thógann sé ar an gcrann fuinseoige fás.

"Ba chuid mhór den togra seo teacht ar ábhar a bheadh chomh maith nó níos fearr ná an fhuinseog agus an t-ábhar a bheith níos inmharthana. Is dóigh linn go bhfuil an sprioc bainte amach againn," a deir an Tarpach.

Seán Torpey i mbun a cheirde

Tá captaen an Chláir John Conlon ar dhuine de na himreoirí a bhfuil triail bainte acu as an maide nua.

Deir sé go bhfuil armáil bainte aige as an gcrúca boise nua-aimseartha le cúpla mí agus go bhfeictear dó go bhfuil sé an-chosúil leis an gceann traidisiúnta. Tá sé an-tógtha leis, a deir sé. 

Cé go bhfuil an camán bambú nach mór dhá oiread níos daoire ná an gnáthchamán fuinseoige, maíonn Seán Torpey go mairfidh sé i bhfad níos faide.