Fógraíodh tráthnóna go bhfuil duine amháin eile tar éis bháis leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 24 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,742 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,538 duine. 

Níos túisce, dearbhaíodh nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil cúig chás nua den ghalar ann.

Tá 554 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 5,761 duine ann.