Dúirt an tAire Iompair Éamon Ryan nach féidir iallach a chur ar dhaoine coraintín a chaitheamh nuair a thagann siad isteach sa tír ach go bhfuil srianta níos déine le cur i bhfeidhm go gairid.

I measc na srianta nua seo, clárófar daoine go leictreonach nuair a thagann siad ón iasacht agus déanfar tástáil ar roinnt paisinéirí.

Mhaígh Éamon Ryan go bhfuil ag éirí leis na srianta coraintín atá i bhfeidhm cheana féin ach go gcaithfear a bheith níos airí agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an scéal.

Thug sé le fios freisin go gcaithfear dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh le borradh a chur an athuair faoin tionscal turasóireachta sa tír.