Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil go ndéanfaidh an Rialtas " an beart cóir" maidir le síneadh a chur le saoire mháithreachais agus íocaíochtaí do mhná a raibh leanaí acu ó thosaigh an ghéarchéim sláinte.

Mhaígh sé, áfach, nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a dhealraíonn sé agus go bhfuil sé á phlé ag na Ranna Dlí agus Cirt, Coimirce Sóisialaí agus Caiteachais Phoiblí.

Bhí Micheál Martin ag tabhairt freagra ar cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le linn an Thráth na gCeist na gCeannairí, an chéad cheann acu ó toghadh ina Thaoiseach é.

Dúirt Mary Lou McDonald gur gealladh sa Chlár Rialtas go gcuirfí síneadh le saoire thuismitheoireachta agus go raibh daoine ag súil go ndéanfaí beart de réir briathair.