D'fhéadfaí ciorrú 20% ar dhéanamh ar phá na n-oibrithe in Aerfort na Sionainne, roinnt eile a scaoileadh chun bealaigh go sealadach agus roinnt eile fós a scaoileadh ar iomarcaíocht dheonach mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris.

I litir a chuir príomhfheidhmeananch Ghrúpa na Sionainne Mary Considine chuig an 230 oibrí san aerfort, dúirt sí nach bhfuil cuma mhaith ar chúrsaí i mbliana ná don am atá le teacht.

Tá laghdú 96% tagtha ón Márta ar an méid paisinéirí san aerfort agus tá sé tuartha ag saineolaithe eacnamaíochta go dtógfaidh sé trí bliana ar a laghad sula mbeidh cúrsaí san aerfort chomh maith agus a bhí siad anuraidh.

Dúírt na ceardchumainnn in Aerfort na Sionainne nach bhfuil glacadh beag ná mór go ndéanfaí ciorrú 20% ar phá na n-oibrithe. 

Dúirt siad chomh maith go bhfuil sé náireach nár phléigh an bhainistíocht a gcuid pleananna leis na hoibrithe.