Tá aip nua seolta ar maidin ag an Roinn Sláinte agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a choinneos cuntas ar dhaoine a bhí i ngar do dhaoine eile a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu.  

Ní bheidh an aip seo in ann a dheimhniú an bhfuil an aicíd tolgtha ag duine ach má tá, beidh cead eolas a thabhairt don dream a raibh an té sin i ngar dóibh. Féadfaidh na daoine sin tástáil a dhéanamh láithreach go bhfeice siad an bhfuil Covid-19 orthusan chomh maith.

Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go laghdóidh an aip an t-achar a thógann sé teagmháil a dhéanamh le daoine ó roinnt laethanta go dtí roinnt uaireanta an chloig.

Tá an aip le fáil in aisce agus tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag achainí ar dhaoine í a íoslódáil ar a bhfóin.

Dúirt sé go bhfuil gaisneas á bhaint as as an teicneolaíocht seo i dtíortha eile agus go bhfuil ag éirí léi.

Dar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an aip íoslódáilte ag thart ar 500,000 duine ó mhaidin.

Tá 1,742 duine básaithe le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann agus tá sé tolgtha ag 25,538 duine sa tír ó thosaigh an ráig.