Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna nach mbeidh aon athrú ar na srianta taistil atá i bhfeidhm faoi láthair agus go bhfanfaidh na srianta reatha i bhfeidhm go dtí an 20ú Iúil. 

Bhí an Taoiseach ag labhairt leis na meáin tráthnóna nuair a d'fhógair sé go bhfuil an Rialtas ag moladh do dhaoine gan taisteal thar sáile agus gur cheart taisteal idirnáisiúnta a sheachaint. 

Dúradh go bhfógrófar ''Liosta Glas'' do thíortha gur féidir le daoine taisteal chun agus as ar an 20ú Iúil. 

Dúirt an Taoiseach nach bhfuil aon athrú ar thaisteal go dtí Tuaisceart Éireann. 

Tugadh le fios chomh maith go bhfuiltear chun tús a chur le aip a bhaineann le Rianú Teagmhálaithe amárach. 

Níos luaithe thug an Taoiseach foláireamh go bhféadfadh sé tarlú nach n-osclófaí tithe tábhairne na tíre ar an 20ú den mhí seo faoi mar atá beartaithe faoi láthair. 

Dúirt an Taoiseach go bhfuil an Rialtas ana bhuartha faoi íomhánna a facthas i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine do dhaoine nach raibh ag cloí leis na teoracha maidir le sláinte phoiblí agus go raibh sé soiléir go raibh neamhaird á dhéanamh ag roinnt daoine ar scaradh sóisialta.

Dúirt sé go bhfuil sláinte an phobail mar phríomhchúraim an Rialtais agus go bhfuil sé de dhualgas ar dhaoine iad fhéin a iompar mar is ceart. 

Dúirt an Taoiseach go gcaithfear Covid-19 a choiméad faoi smacht agus dá dtiocfadh aon athrú ar sin gur tubaiste a bheadh ann don dtír. 

Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, gur thug na Gardaí cuairt ar 6,000 teach ósta i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus go raibh an chuid is mó acu ag cloí le srianta Covid-19.