skip to main content

An cumadóir Iodálach Ennio Morricone tar éis bháis. Bhí sé 91 bliain d'aois

An cumadóir Iodálach Ennio Morricone tar éis bháis
An cumadóir Iodálach Ennio Morricone tar éis bháis

Tá an cumadóir Iodálach, Ennio Morricone tar éis bháis. Bhí sé 91 bliain d'aois.

Rugadh Morricone i sa Róimh i 1928 agus chum sé ceol do bhreis is 400 scannán. 

Bhí cáil air mar gheall ar an gceol a chum sé do scannáin cosúil le ''A Fistful of Dollars'' agus ''The Good, the Bad and the Ugly''.

Bhuaigh sé gradam Oscar i 2016 don cheol a chum sé don scannán ''The Hateful Eight'' agus bhuaigh sé gradaim Grammy agus Golden Globe dá chuid oibre chomh maith.