Fógraíodh tráthnóna go bhfuil beirt eile tar éis bháis sa Stát leis an gcoróinvíreas.

Fágann sin 1,740 duine tar éis bháis anseo de bharr Covid-19.

Dúirt an Roinn Sláinte freisin gur dearbhaíodh 9 gcás breise sa Stát.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil 25,498 cás dearbhaithe den víreas i bPoblacht na hÉireann.

Maidir le Tuaisceart Éireann, tá 2 bhás eile fógraithe ansin.

Fágann sin 554 marbh sa Tuaisceart ag Covid-19.

Aimsíodh an víreas i gceathrar breise freisin.

5,747 duine ó thuaidh den teorainn a bhfuil an víreas tolgtha acu.