Tá buachaill óg i gCo. Chorcaí a bhfuil €30,000 bailithe aige do charthanachtaí, molta go mór ag an Uachtarán Michael D. Higgins agus ag an Taoiseach Micheál Martin.

Oliver Lynch, an buachaillín óg i lár báire anseo a bhfuil 100m siúlta aige gach lá le 50 lá

8 mbliana d'aois atá Oliver Lynch as Baile an Chollaigh.

Tá parailís cheirbreach air.

Chuile lá, le 50 lá anuas - cuma cén aimsir- tá 100m siúlta aige in iarracht airgead a bhailiú do charthanachtaí atá tar éis an-chuidiú a thabhairt dó le blianta anuas.

Sin iad 'Enable Ireland', 'Dogs for the Disabled' agus 'CUH Charity'.

'Bhí sé ag iarraidh rud éigint a thabhairt ar ais' a dúirt a mháthair Alison Lynch.