Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh scoileanna oscailte mar is gnáth i ndeireadh mhí Lúnasa.

'D'fhéadfadh se' a deir an Taoiseach 'go mbeadh athrú faoin tráth sin ar na rialacha atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais leis na scoileanna a athoscailt'.

Bhí an Taoiseach ag tagairt don cháineadh a rinne cearchumann an ASTI ar chomhairle na Roinne.

Deir an ASTI go mbeidh sé dodhéanta an riail a chur i bhfeidhm sna ranganna maidir le méadar a bheith idir gach duine.