Dúirt Céad Aire an Tuaiscirt,Arlene Foster go bhfuil damáiste mhór déanta den chaidreamh i bhFeidhmeannas Stormont a bhuíochas den chonspóid atá tarraingt ag sochraid Bobby Storey i mBéal Feirste Dé Máirt seo caite.

Tá fiosrúchán ar bun ag an PSNI maidir le líomhaintí gur sáraíodh forálacha sláinte poiblí bainteach le Covid-19 ag an ócáid.

Dá réir, tá Arlene Foster ag iarraidh go seasfadh Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle O'Neill go leataobh fad is atá an fiosrúchán ar bun.

Arlene Foster ag léiriú a míshástachta faoin gconspóid

Bhí Michelle O'Neill i láthair ag an tsochraid, i dteannta Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald.

Níos túisce dúirt Michelle O'Neill i ráiteas nach bhfreastalódh sí ar an tsochraid dá gcoscfadh rialacháin Covid-19 sin a dhéanamh.

Dúirt sí gur éist sí go cúramach le glórtha na ndaoine a chaill gaolta le linn na géarchéime sláinte seo, agus go raibh aiféala uirthi má ghoill sí ar aon bhealach orthu.

Dúirt Arlene Foster tráthnóna áfach nach leor an ráiteas ó Mhichelle O'Neill, go raibh forálacha maidir le sláinte phoiblí sáraithe aici agus gur chóir di seasamh go leataobh.

Tá sé ráite ag Michelle O'Neill nach bhfuil sí chun sin a dhéanamh.

Labhair Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald freisin faoin gconspóid inniu.

Dúirt sise gur thuig sí do dhaoine má ghoill íomhánna de shluaite móra ag sochraid Bobby Storey orthu. 

Bhí sí ag labhairt ar an stáisiún raidió Newstalk FM.

Na sluaite ag an tsochraid ar an Mháirt seo caite

Michelle O'Neill ag sochraid Bobby Storey, Mary Lou McDonald sa chúlra

Dúírt Mary Lou McDonald agus MIchelle O'Neill gur chloígh siad le forálacha sláinte maidir le Covid-19 ag an tsochraid.