Tá sé ráite ag Fáilte Éireann go bhfuil tionchar tubaisteach ag an ngalar Covid-19 ar an earnáil turasóireachta agus go bhfuil an ghéarchéim seo ar an gceann is measa a bhí riamh ann. 

Ag labhairt dó ag éisteacht den choiste Oireachtais ar Covid-19, thug príomhfheidhmeannach na háisineachta Paul Kelly le fios gurbh í an turasóireacht an earnáil ba thúisce a buaileadh, gurb í fós is measa atá buailte agus gurb í is faide a thógfas teacht chuici féin.

Cé nach raibh aon ioncam ag gnólachtaí turasóireachta le ceithre mhí, agus ainneoin na dtacaíochtaí breise ón Rialtas, a dúirt sé, tá costais mhóra orthu i gcónaí.

Dúirt Paul Kelly go gcaithfear bealach a fháil le go mbeidh turasóirí in ann teacht go hÉirinn arís chomh luath agus a athraíonn na húdáráis an chomhairle sláinte poilbí.