Tháinig na Gardaí ar sheacht ngunna agus iad i mbun cuardaigh in iarthar Bhaile Átha Cliath inné.

Baineann an scéal le fiosrúcháin na nGardaí faoi choiriúlacht eagraithe.

Tá scrúdú teicniúil a dhéanamh ar na gunnaí ag na Gardaí anois. Níor gabhadh aon duine. 

Dúirt an Leas-Choimisinéir John O'Driscoll go bhfuil na Gardaí tiomanta dul i ngleic gan stad le coiriúlacht thromchúiseach agus daoine a choinneáil slán ó airm thine.