Tá an DUP ag iarraidh ar Michelle O'Neill ó Shinn Féin éirí as go sealadach mar LeasChéad-Aire Stormont fad is atá póilíní ag fiosrú ar sáraíodh rialacha faoi scaradh sóisialta ag sochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey i mBéal Feirste. 

Bhí Michelle O'Neill ar dhuine den slua a d'fhreastail ar an tsochraid arú inné. 

Bhí polaiteoirí sinsearacha eile ó Shinn Féin i láthair freisin, ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald ina measc. 

Dúirt Jeffery Donaldson ón DUP gur scríobh ceannaire an pháirtí, an Chéad Aire Arlene Foster, chuig Michelle O'Neill ag iarraidh uirthi éirí as a cuid dualgas fad is atá an fiosrúchán ar bun. 

Inné, dúirt Michelle O'Neill gur chreid sí gur chloígh sí leis na treoirlínte sláinte poiblí le linn na sochraide.

Mhaígh sí nár lean ach 30 duine eileatram Bobby Storey agus gur choinnigh daoine amach óna chéile le linn Aifreann na sochraide sa séipéal.

Tá sé ráite ag foinsí i Sinn Féin inniu nach bhfuil rún ag Michelle O'Neill éirí as le linn fhiosrúchán na bpóilíní.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tráthnóna nár chóir do Michelle O'Neill éirí as, agus nár chóir pionós a chur ar aon dhuine faoi fhreastal ar shochraid charad.