Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly gurb í an chomhairle atá á cur ar dhaoine nár cheart dóibh dul thar lear muna bhfuil práinn lena n-aistear mar gheall ar an mbaol a bhaineann leis an ngalar Covid-19.

Dúirt an tAire go bhfuil an-imní ar shaineolaithe sláinte poiblí go dtiocfaidh an dara ráig den choróinvíreas má bhíonn ardú mór ar an líon daoine a théann thar lear agus a thagann ar ais go hÉirinn.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug Stephen Donnelly le fios go bhfuil ardú tagtha le coicís ar líon na gcásanna i dtíortha a bhí ag teacht chucu féin roimhe seo - an Fhrainc, an Spáinn agus an Phortaingéil ina measc.

Dúirt sé go bpléifear cúrsaí taistil ag cruinniú a bheas ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí inniu agus ag cruinniú d'fhochoiste Rialtais amárach.

Tá foláireamh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil géarchéim an choróinvíris ag dul i ndonas agus gur le mí atá 60% de na cásanna ar fad ann.

Tá imní léirithe ag an eagraíocht nach bhfuil roinnt tíortha ag baint leas as na deiseanna atá acu leis an víreas a chloí.

Bhí os cionn 160,000 cás nua ar fud an domhain gach lá le seachtain.