Ceapadh Príomh-Aoire an Rialtais, leascheannaire Fhianna Fáil, Dara Calleary, ina Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt aréir.

Bhí a mhíshástacht curtha in iúl ag Dara Calleary, Teachta Dála Mhaigh Eo, nár thug an Taoiseach Micheál Martin aireacht shinsearach sa chomhrialtas nua dó. 

Beidh Dara Calleary ag obair i gcomhar le Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, arb í an tAire Meán Cumarsáide, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta í. 

Is cainteoirí líofa Gaeilge iad Dara Calleary agus Catherine Martin, agus labhair an bheirt acu go minic cheana sa Dáil agus in áiteanna eile ar cheisteanna Gaeilge agus Gaeltachta. 

I ráiteas, dúirt Conradh na Gaeilge go bhfuil siad díomách nár thug an Taoiseach freagracht na Gaeltachta d'ire sinsearach amháin. 

Tá súil ag an gConradh, a dúradh sa ráiteas, go ndéanfaidh Catherine Martin agus Dara Calleary beart de réir briathair le cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i dtaca le maoiniú, cearta agus stádas de. 

Bhí míshástacht léirithe freisin ag polaiteoirí agus ionadaithe pobail araon nár tugadh aireacht shinsearach d'aon Teachta Dála atá lonnaithe in aon cheann de sheacht gcontae taobh thiar den tSionainn. 

Chomh maith le Dara Calleary, ceapadh cúigear eile ó iarthar na tíre in nAirí Stáit aréir. Sin iad:  

- Charlie McConalogue, Fianna Fáil, Dún na nGall, an Roinn Dlí agus Cirt

- Frank Feighan, Fine Gael, Sligeach-Liatroim, an Roinn Sláinte 

- Anne Rabbitte, Fianna Fáil, Gaillimh Thoir, an Roinn Leanaí

- Niall Collins, Fianna Fáil, Contae Luimnigh, an Roinn Ardoideachais 

- Patrick O'Donovan, Fine Gael, Luimneach, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ar an deireadh seachtaine, ceapadh Hildegarde Naughton, Fine Gael, Gaillimh Thiar, ina hAire Stáit sa Roinn Gníomhaithe Aeráide agus Iompair.