Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil triúr eile tar éis bháis leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil sé chás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,738 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,477 duine. 

Níos túisce, fógraíodh nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart don chúigiú lá as a chéile agus go bhfuil cás nua amháin den ghalar ann.

Tá 551 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 5,761 duine ann.