Cuirfidh an tAontas Eorpach deireadh amárach le srianta taistil ar dhaoine ó cheithre thír déag.

Is iad na tíortha sin an Ailgéir, an Astráil, Ceanada, an Chóiré Theas, Maracó, Montainéagró, an Nua-Shéalainn, Ruanda, an tSeapáin, an tSeiribia, an tSeoirisia, an Téalainn, an Túinéis, agus Uragua. 

Beidh srianta i gcónaí, áfach, ar dhaoine ó na Stáit Aontaithe, ón mBreatain, ón Rúis agus ón Tuirc.

Beidh cead ag saoránaigh na Síne taisteal chun an Aontais Eorpaigh fad is a dhéanann an tSín an rud céanna do dhaoine ón Aontas. 

Ní bhaineann an scéal leis an tír seo ráite nach cuid de limistéar saorthaistil Schengen í.