Fógraíodh tráthnóna go bhfuil duine amháin eile tar éis bháis leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 11 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,736 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an phaindéim agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,462 duine. 

Níos túisce, dearbhaíodh nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe de bharr Covid-19 sa Tuaisceart don cheathrú lá as a chéile ach go bhfuil trí chás nua den ghalar ann.

Tá 551 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 5,760 duine ann.