Bhí na céadta i láthair ag sochraid an phoblachtánaigh aitheanta Bobby Storey i mBéal Feirste inniu. 

Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, an leascheannaire Michelle O'Neill agus an t-iarcheannaire Gerry Adams i measc na ndaoine a bhailigh ag Séipéal Naomh Úna in iarthar na cathrach in ómós Bobby Storey.

Ball sinsearach den IRA ab ea Bobby Storey a imtheorannaíodh nuair a bhí sé ina ógánach agus a chaith bliana fada sa phríosún sa Tuaisceart ina dhiaidh sin.

Bhásaigh sé san ospidéal i Sasana an tseachtain seo caite. 

Deirtear go raibh Bobby Storey an-dílis do Gerry Adams agus gur chuir sé ina luí ar bhaill go leor den IRA tacú leis an bpróiseas síochána. 

Bhí Martina Anderson, Pearse Doherty, Gerry Kelly agus Conor Murphy i measc na bpolaiteoirí sinsearacha eile ó Shinn Féin a bhí ag an tsochraid ar maidin.