Tá seachtar gafa ag na Gardaí mar chuid d'fhiosrúchán atá ar bun ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla faoi bhuíon coirpeach a sciúrann airgead ar son buíonta coirpeach eile.

Chuardaigh na Gardaí ocht n-áras cónaithe agus trí ionad gnó i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin ar maidin agus thóg siad €450,000 in airgead tirim, trí ghluaisteán ardchostais agus roinnt earraí eile.

Tá os cionn €260,000 i roinnt cuntas bainc calctha ag na Gardaí freisin.

Deir na Gardaí gur ag díriú a bhí siad ar allúraigh a sciúrann airgead do choirpigh Éireannach.

Tá an seachtar a gabhadh á gceisitú ag stáisiúin Ghardaí i mBaile Átha Cliath.