Níl ciall dá laghad cúram na n-oileán a aistriú ó Roinn na Gaeltachta, dar le bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí Marjorie Uí Chearbhaill.  

Dúirt sí nach dtuigeann sí cad chuige a bhfuil cúraimí na n-oileán á n-aistriú go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí, Pobail, ForbarthaTuaithe agus Oileán.

Dar le Marjorie Uí Chearbhaill go luíonn sé le ciall go mbeadh cúraimí na n-oileán faoi Roinn na Gaeltachta de bharr an mhórchuid d'oileáin na tíre a bheith sa Ghaeltacht.  

Tá obair ar bun ag Roinn na Gaeltachta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, maidir le pleananna teanga agus forbartha ar na hoileáin agus seantaithí ag an Roinn ar ghnóthaí na n-oileán, a dúirt sí.