Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i gCo Mhuineacháin faoi fhear a fuarthas gortaithe go dona i gCarraig Mhachaire Rois aréir. 

Fuarthas an fear, atá os cionn 30 bliain d'aois, ar Shráid Uí Néill ag thart ar 11.45 aréir. Deirtear gur bhain drochghorthuithe dá cheann. 

Tuigtear go raibh an fear amuigh le cairde níos luaithe. 

Tá pictiúir ó cheamaraí slándála á scrúdú ag na Gardaí féachaint le fáil amach céard a bhain don fhear.