Cé nár fógraíodh aon bhás eile den choróinvíreas sa Stát inniu, tá an treocht sa líon cásanna ag déanamh buartha don Phíomh-Oifigeach Sláinte.
 

Údar imní don Dr. Tony Holohan é go bhfuil an líon cásanna atá á dtuairisciú ag dul i méid agus go bhfuil roinnt braislí nua ann.

Dúirt sé go raibh sé tábhachtach nuair atá srianta á maolú anois agus cead taistil bheith ag daoine, cloí leis na beartais a chuidigh linn an víreas a chur faoi chois

Má chleachtaíonn daoine an níochán láimhe, scaradh sóisialta, sláinteachas casachta agus sraothartaigh agus éadach clúdaigh ar an éadan, a deir sé, sin é ár ndícheall le nach dtolgfaidh muid nó nach scaipfidh muid an víreas seo.

Fágann scéala an lae inniu go bhfuil an líon iomlán básanna ag 1,735.

24 cás nua a fógraíodh sa Roinn Sláinte, a thugann líon iomlán na gcásanna a seo chuig 25,462.

As na 24 cás sin, d’éirigh 6 cinn díobh sin as taisteal thar lear. Dúirt an Dr. Ronan Gynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, go bhfuil sé tábhachtach aon taisteal neamhriachtanach a sheachaint fós, de bharr an riosca go dtiocfaidh cásanna nua thar lear isteach.

Fógraíodh os cionn 1.1 milliún cás nua, rud a fhágann anois gur tholg níos mó ná 10 milliún duine Covid-19 go dtí seo ar fud na cruinne.

Bás amháin eile a fógraíodh sa Tuaisceart inniu, ag thabhairt an líon iomlán básanna ansiúd chuig 551. 6 chás nua atá ann, an t-iomlán anois ag 5,757.

Don tríú lá as a chéile, níl aon olhar Covid-19 in aonad dianchúraim sa Tuaisceart.