Deir Príomh-Aoire an Rialtais go bhfuil an-díomá air nár cuireadh i mbun Roinn Rialtais é.

 Deir Dara Calleary go ndearnadh An Príomh-Aoireacht a thairiscint dó tar éis " chomhrá an-descair" leis an Taoiseach Dé Sathairn.

Dúirt sé  nár tairgeadh aon phost  eile Rialtais dó.

Bhí Dara Calleary ag caint ar Midwest Radio ina chontae dúchais, Maigh Eo.

Dúirt sé go mbeadh sé ina ghlór don Iarthar ag bord an Rialtais agus go n-oibreodh sé ‘24/7’ chun an comhar a tugadh dó sa réigiún thar an deireadh seachtaine á íoc.

Bhí a fhios aige, a dúirt sé, go raibh fearg atá ar dhaoine faoi nach bhfuil Aire sinsearach san Iarthar. 

Ar an gclár céanna, dúirt cathaoirleach Fhianna Fáil i mBéal an Átha, nach mbeadh fáilte de chineál ar bith  roimh Mhicheál Martin dá dtabharfadh sé cuairt ar an mbaile mar Thaoiseach.

Dúirt oifigeach eile sa pháirtí  gurb é ‘laigeacht’ Mhicheál Martin a chaill suíochán d’Fhianna Fáil san olltoghchán, agus gur cheart smaoineamh ar cheannaire nua d’Fhianna Fáil.