Fógraíodh tráthnóna gur bhásaigh seisear eile leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 23 cás nua ann.

Fágann seo go bhfuil 1,734 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an ráig agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,437 duine.

Níos túisce, deimhníodh gur bhásaigh duine amháin eile de bharr Covid-19 sa Tuaisceart ó inné agus go bhfuil dhá chás nua den ghalar ann.

Tá 549 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus tá sé tolgtha ag 4,880 duine ann.