Tá Teachtaí Dála ó thrí pháirtí an chomhrialtais nua ceaptha ina n-airí ag an Taoiseach nuathofa Micheál Martin. 

Ba iad Micheál Martin, Leo Varadkar agus Éamon Ryan - ceannairí na dtrí pháirtí comhrialtais - a shocraigh eatarthu cé na daoine a bhí le ceapadh.

Tá Helen McEntee ó Fhine Gael ina hAire Dlí agus Cirt agus is é Stephen Donnelly ó Fhianna Fáil atá ina Aire Sláinte.

Michael McGrath, Fianna Fáil, atá ina Aire Caiteachais Phoiblí agus tá Paschal Donohoe, Fine Gael, ag fanacht mar Aire Airgeadais.

Is é Darragh O'Brien ó Fhianna Fáil an tAire Tithíochta agus tá Norma Foley ón bpáirtí céanna ina hAire Oideachais.

Tá Simon Harris ina Aire Ardoideachais, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan ina Aire Iompair agus Aeráide. 

Tá leascheannaire na nGlasach Catherine Martin ina hAire Meán Cumarsáide, Turasóireachta, Cultúir, Spórt agus Gaeltachta. Is é an Glasach Roderic O'Gorman atá ina Aire Leanaí, Comhionannais agus Míchumais.

Barry Cowen ó Fhianna Fáil atá ina Aire Talmhaíochta agus Mara, agus Heather Humphreys ó Fhine Gael atá ina hAire Coimirice Sóisialaí agus Gnóthaí Tuaithe.

Tá Simon Coveney ó Fhine Gael ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus tá ceannaire an pháirtí sin, an t-iarThaoiseach Leo Varadkar, ina Thánaiste agus ina Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Tá Hildegarde Naughton ó Fhine Gael ina For-Aire Stáit. 

Is é leascheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary Príomh-Aoire an Rialtais agus is é Paul Gallagher an tArd-Aighne nua. 

Vótáil an Dáil i bhfabhar an Rialtas nua a cheapadh san Ionad Náisiúnta Comhdhála anocht. 

Tá aon duine dhéag ainmnithe ag an Taoiseach don Seanad anocht freisin.

Sin iad Mary Fitzpatrick, Lorraine Clifford Lee, Erin McGreehan, Timmy Dooley (ceathrar ó Fhianna Fáil), Regina Doherty, Aisling Dolan, Emer Currie, Mary Seery Kearney (ceathrar ó Fhine Gael), Vincent P Martin, Róisín Garvey (beirt ón gComhaontas Glas) agus Eileen Flynn (ionadaí ón lucht siúil).