Lámhachadh agus maraíodh fear in iarthar Bhéal Feirste ar maidin. Tharla an t-ionsaí ar Bhóthar na bhFál Íochtair.

Tuigtear go raibh baint ag an bhfear le heasaontóirí poblachtánacha. 

Ghabh agus cheistigh na póilíní an fear cheana faoi dhúnmharú an choirpigh as Baile Átha Cliath, Robbie Lawlor, a maraíodh i mBéal Feirste ag tús an Aibreáin. 

Lámhachadh Robbie Lawlor, 36 bliain, ag teach in Ard Eoin i dtuaisceart na cathrach.