Tá corp faigthe ag póilíní i mBéal Feirste agus ógánach a bhí ar iarraidh á chuardach acu.

Bhí Noah Donohoe, ceithre bliana déag d'aois, ar iarraidh óna theach cónaithe i dtuaisceart Bhéal Feirste ón Domhnach seo caite.

Fuarthas an corp i ndraein ag thart ar 10 a chlog ar maidin gar don áit a bhfacthas an buachaill go deireanach. 

Inné, tháinig siad ar mhála droma agus ar ríomhaire glúine Noah ach ní raibh tásc air féin. 

Ceapann na póilíní gur thit Noah dá rothar agus gur bhain gortú dá cheann. Deir siad go mb'fhéidir gur tháinig mearbhall air de bharr an ghortaithe agus go ndeachaigh sé ar seachrán.

Deir na póilíní nach bhfuil aon chosúlacht air ag an tráth seo go raibh baint ag aon duine eile le bás an déagóra.