Tá ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin tofa ina Thaoiseach ag suí speisialta den Dáil san Ionad Náisiúnta Comhdhála i mBaile Átha Cliath inniu.

Vótáil 93 Teachta Dála ar a shon agus 63 in aghaidh. Staon triúr. 

Bhí Micheál Martin agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald araon ainmnithe do phost an Taoisigh agus bhí díospóireacht ag Teachtaí Dála sular chaith siad vóta.

Den chéad uair riamh, tá Fianna Fáil agus Fine Gael tagtha le chéile i gcomhrialtas.

Mhaígh an Taoiseach a bhí ann roimh Mhicheál Martin, ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar, go gcuireann an comhrialtas seo deireadh le polaitíocht an chogaidh chathartha, mar a dúirt sé.

Leo Varadkar agus Micheál Martin

Beidh an Comhaontas Glas páirteach sa chomhrialtas freisin tar éis do bhaill na dtrí pháirtí glacadh inné leis an gclár rialtais a d'aontaigh na ceannairí beagnach coicís ó shin. 

Dúirt ceannaire an Chomaontais Ghlais Éamon Ryan go bhfuil Micheál Martin láncháilithe le bheith ina Thaoiseach.

Thug Éamon Ryan le fios gur fear é Micheál Martin a ghlacann le hathrú agus go mbíonn sé staidéarach nuair a bhíonn géarchéim ann.

Éamon Ryan

Chomh maith le toghadh an Taoisigh, tuigtear go ceapfar an chuid is mó de na hAirí Rialtais níos deireanaí inniu. 

Le linn na díospóireachta, mhaígh Mary Lou McDonald gur d'fhonn páirtithe eile a choinneáil amach as an rialtas a bhí Fianna Fáil agus Fine Gael tagtha le chéile. Dúirt sí go mbeadh Sinn Féin ar an bpáirtí freasúra ab éifeachtaí a bhí riamh ann. 

Mary Lou McDonald

Cháin ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly an clár rialtais á rá gur údar grinn é. 

Dar le comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Catherine Murphy nach bhfuil le tairiscint ag an rialtas nua ach na polasaithe seanchaite céanna agus a bhí ann roimhe seo.

Dúirt Richard Boyd Barrett ó Phobal Roimh Bhrabús nach bhfuil tada sa chlár rialtais a dhéanfadh leas d'oibrithe na tíre.

Tá naonúr Teachtaí Dála Neamhspleácha ag tacú leis an gcomhrialtas nua. Sin iad Michael Lowry, Noel Grealish, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Richard O'Donoghue, Verona Murphy, Matt Shanahan, Michael McNamara agus Marian Harkin.

Is iad Denis Naughten, Mattie McGrath agus Carol Nolan an triúr Teachtaí Neamhspleácha a staon ón vóta.

Cuireadh an Dáil ar fionraí le go bhféadfadh Micheál Martin dul go dtí Áras an Uachtaráin, mar ar bhronn an tUachtarán Michael D Higgins séala Oifig an Taoisigh air tráthnóna.