Tá suíochán gnóthaithe ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar feadh dhá bhliain.

Toghadh Éire ar an gComhairle Slándála tar éis vóta a caitheadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac aréir.

Cuirfear tús leis an téarma dhá bhliain an bhliain seo chugainn. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbainfidh Éire leas as an téarma le cúrsaí síochána, beartais in aghaidh athrú na haeráide agus comhionannas insce a chur chun cinn.

Tá fáilte curtha ag an Uachtarán Michael D Higgins roimh cheapachán na tíre seo.

I ráiteas a d'eisigh sé aréir, mhol an tUachtarán na daoine ar fad a raibh baint acu leis na hiarrachtaí an suíochán ar an gComhairle Slándála a ghnóthú.

Bhí Éire san iomaíocht le Ceanada agus leis an Iorua do dhá shuíochán.

Is í an Iorua a ghnóthaigh an dara suíochán tar éis an vóta aréir.