Tá comóradh á dhéanamh inniu ar thubaist eitlíochta a tharla in Acaill, Co Mhaigh Eo, 70 bliain is an lá inniu. 

Bhásaigh ochtar comhaltaí d'aerfhórsa na Breataine - an RAF - a bhí ar bord eitleáin a thuairteáil ar Aillte an Chruacháin ar 16 Meitheamh 1950.

Bhí an t-eitleán ag filleadh ar Gharrán Fearnóige i gCo Aontroma i ndiaidh don chriú a bheith i mbun suirbhéireacht aimsire ar chósta an iarthair.

Eitleán den déanamh Handley Page Halifax ab ea í ar bhain Aerfórsa na Breataine leas aisti sa Dara Cogadh Domhanda.

I ndiaidh an chogaidh, cuireadh an t-eitleán i mbun suirbhéireacht aimsire.

D’fhág an t-eitleán Aerfort Gharrán Fearnóige an mhaidin sin agus d’eitilt sí trí "Chonair Dhún na nGall’"chomh fada leis an Atlantach.

Stráice ceithre mhíle d’aerspás na tíre ab ea "Conair Dhún na nGall" cois Éirne, idir Béal Leice agus Béal Átha Seanaidh.

Cheadaigh Rialtas na hÉireann d’eitleáin mhíleata na Breataine taisteal trí aerspás na hÉireann ag an am.

Thaistil an t-eitleán 850 míle ó dheas chomh fada le Cuan na Bioscáine, áit a ndearnadh an tsuirbhéireacht meitéareolaíochta.

Sa tarchur raidió deireanach a tháinig ón gcriú, dúradh go raibh an t-eitleán 1,800 troigh os cionn na farraige agus go raibh siad amach ó chósta Chiarraí ar a mbealach ar ais, ach go raibh an aimsir imithe i ndonacht agus ceo trom ann.

Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, thart ar 4.30, thuairteáil an t-eitleán ar Aillte an Chruacháin. Bhásaigh an t-ochtar a bhí ar bord láithreach. 

Mheas roinnt daoine gur chuala siad tintreach nó sciorradh talún. Dúirt iascairí áitiúla gur chuala siad innill eitleáin sa chuan roimh an timpiste. 

Chuala feirmeoir áitiúil Martin Fadian an pléascán. Rinne sé teagmháil leis na Gardaí agus cuireadh cuardach ar bun faoina stiúir an oíche sin.

Thángthas ar smionagar ag 10.30 sula bhfuarthas coirp chúigir i ndiaidh meánoíche. Fuarthas coirp an triúir eile an lá dár gcionn.

I Halla Dhumha Acha a cuireadh an coiste cróinéara ar bun an lá sin.

Dúirt an cróinéir gur bhásaigh na fir mar gheall ar ghortuithe a bhain dóibh i ndiaidh na timpiste. Drochaimsir ba chúis leis an timpiste, a dúirt sé.

Thug sé ardmholadh do Martin Fadian chomh maith faoin méid a rinne sé.

Nuair a haistríodh coirp na marbh ó Acaill, tuairiscíodh san Irish Times ag an am gur bhailigh 5,000 duine lena n-ómós a thaispeáint don ochtar a cailleadh.

Tugadh an t-ochtar faoi chonbhua chomh fada leis an teorainn, áit ar tugadh a gcoirp ar láimh d’údaráis na Breataine.

Tá na ceithre innill ón eitleán greanta in Aillte an Chruacháin agus tonna meáchain i ngach aon cheann acu.

Tá cloch gheal péinteáilte cois na haille i gcuimhne ar an gcriú.