Tá sé fógraithe ag Cumann Lúthchleas Gael go gcuirfear tús le craobhacha cluichí club ar an 31ú lá de Iúil, agus cuirfear tús leis an chraobh idirchontae ar an 17ú Deireadh Fómhair.

Sa phlean dianscaoilte a d'fhoilsigh an CLG tamall gairid ó shin, tosnóidh traenáil idirchontae ar an 14ú Meán Fómhair agus foilseofar féilire iomlán de na cluiche i mí Lúnasa.

Osclófar geataí na gclub arís ar an 29ú Meitheamh do thraenáilach ní bheidh i gceist ach traenáil gan teagmháil ar tús.

Beidh gá le cead a fháil do thraenáil ag leibhéal faoi aois.