Ní díomhaoin ar fad atá gasúir áirithe agus scoileanna na tíre dúnta le linn na géarchéime. Tá Áine, Cillian, Tadhg agus Gearóid McCauley sásta luí isteach ar an obair agus a gcuid fhéin a dhéanamh ar son na n-oibrithe ar an líne tosaigh. 

Mar a oibríonn an sínteoir maisc leighis á léiriú ag Cathal McCauley


Tá breis is míle sínteoir deonaithe ag muintir McCauley d'oibrithe sláinte in ospidéal Tamhlachta agus ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath.

Tá na gairis leighis á múnlú ag á dtairgeadh ag muintir McCauley ó thosaigh an ghéarchéime sláinte. Altra í comharsan béal-dorais leo agus bhí strapaí leaisteacha na maisc leighis a bhí á caitheamh aici ag gortú a cluasa agus bhí an gearán céanna agus go leor oibrithe sláinte eile.

Is féidir le gach duine masc leighis a chaitheamh go compórdach anois leis an sínteoir


Fáisceann na sínteoirí atá á dtairgeadh ag muintir McCauley masc leighis ar an éadan, agus déantar an masc a dhaingniú agus an bhrú a bhaint de na cluasa. Is féidir iad a chur in oiriúint do chloigne éagsúla idir bheag agus mhór.  Déanann siad na sínteoirí plaisteacha seo le printéir 3T sa mbaile.

Ó chlé: Gearóid, Áine, Cathal (an tathair) Tadhg agus Cillian McCauley


Tá breis is míle sínteoir cruthaithe acu faoin tráth seo. Tá iarratais faighte acu ó theach altranais i bhFlorida a chonaic tairbhe na sínteoirí ar leathanach facebook mhuintir McCauley, agus iarratas eile faighte acu ó Oxford, Sasana.

Tá tréithe na fiontraíochta go smior iontu, agus gaireas eile á dtairgeadh acu le dorais a oscailt agus cnaipí a bhrú gan lámh a leagan ar rudaí.


Beidh tuairisc iomlán faoi fhiontar chlann McCauley ag Irene Ní Nualláin ar Nuacht TG4 tráthnóna