Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil dóchas don todhchaí tuilte ag pobal na tíre de bharr na n-íobairtí atá déanta ag an bpobal le roinnt míonna anuas. D'fhógair sé maolú ar líon na gcéimeanna agus ar shrianta na géarchéime Covid-19 inniu.

I measc na gcinntí a d'fhógair sé tá:

- Líon céimeanna fuascailte na tíre laghduithe ó 5 go 4 chéim ag tosnú ar an Luan seo chugainn 

- Cead taistil laistigh dá gcontae féin ag daoine - in áit srian 20cm

- Cead ag suas le 25 freastal ar shochraidí

-  Cead ag 6 bheith ar chuairt le chéile laistigh ach fós airdeallach ar scaradh fhisiciúil

- Cead ag suas le 15 bualadh lena chéile lasmuigh

- Cead ag suas le 15 dul i mbun traenála spóirt

- Cead campaí spóirt do leanaí a reachtáil - teoranta go 15 rannpháirtí

- Cead láithreacha spraoi do leanaí a oscailt

- Cead ag marglanna dul i mbun gnó in athuair

- Rásaíocht con ceadaithe

- Cead ag siopaí oscailt ach a n-amanna oscailte a thuisliú le córais iompair a chosaint

Anuas ar an mhéid sin, beidh cead athoscailte ag ionaid siopadóireachta ón 15ú Meitheamh fad agus nach mbeidh sluaite ag tionól sna h-ionaid. Beidh srianta iomlána taistil ar ceal ón Luan 29ú Meitheamh. Níl cead athoscailte ag gruagadóirí ná siopaí bearbóra áfach.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris go bhfuil na saoráidí seo ar fad tuilte ag an bpobal ach má théann comharthaí sóirt na ráige in olcas, go mbeidh ar an rialtas cuid de na srianta seo a chur i bhfeidhm in athuair agus go bhfuil na bunchéimeanna scaradh fhisiciúil agus glaineachta fós riachtanach i ngach cás.