Bhí na céadta lucht caointe i láthair ag searmanas cuimhneacháin George Floyd a tionóladh i gcathair Minneapolis aréir. Dúirt an gníomhaí cearta daonna, an tUrramach Al Sharpton go leanfadh na hagóidí go dtí go n-athrófaí an córas dlí ó bhonn. 

Tionóladh agóidí - shíochánta don fhormhór - i gcathracha ó chósta go cósta na Stáit aréir. Shiúl na mílte i mbun agóide trasna dhroichead Brooklyn i Nua Eabhrac fad agus ar cuireadh cuirfiúnna ar ceal i Washington agus Los Angeles. 

Dúirt dlíodóir George Floyd, Benjamin Crump go bhfaighfeadh sé ceart do George Floyd a maraíodh ar an 25ú bealtaine nuair a ghaibh póilíní é agus choimeád póilín amháin a ghlúin ar a mhuineál ar feadh nach mór 9 nóiméad. 

"Níorbh an galar Covid-19 a mharaigh George Floyd" a dúirt Crump " ach an galar eile sin - galar an chiníochais agus an idirdhealaithe"

Sheas an slua a bhí i láthair, faoi thost ar feadh 8 nóiméad agus 46 soiceand - cothrom an fhad a choimeád an póilín Derek Chauvin a ghlúin ar mhuineál na mairbh.