Tá Pobal an Chaladh in Uíbh Ráthach, ag iarraidh ar Oifig na nOibreacha Poiblí, (OPW) athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh gan Sceilg Mhichíl a oscailt i mbliana.

Ceann de na cúig bháid déag a bhfuil ceadúnas acu paisinéirí a iompar isteach go Sceilg Mhichíl


Deirid go bhfuilid buailte go dona ag an gcinneadh seo, mar gur fiú suas le €8M do ghéilleagar Chiarraí Theas, an líon cuairteóirí a thagann an cheantar gach aon bhliain, chun turas a thabhairt ar Sceilg Mhichíl agus iad ag iarraidh ar an OPW athbhreithniú a dhéanamh arís ar a gcinneadh.

Mainistir ag barr na Sceilge -, cillíní na Manach a bhí ar an oileán 1,400 bliain ó shin


Deir an OPW de réir measunú a dheineadar féin i bhfianaise géar chéim an bhíorais Chorónaigh, ná beithfí ábalta sábháilteacht foirne ná cuairteóirí ar bháid ná ar an Sceilg a chinntiú agus dá réir san, go gcaithfí an áit a choimeád dúnta do 2020.

Bhí an láthair Oidhreachta Domhanda UNESCO le hoscailt ar an 15ú lá do Bhealtaine agus ceadúnas ag chúig cinn déag do bháid i gCiarraí Theas le daoine a iompar isteach go Sceilg Mhichíl.