Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar go raibh easpa mór i gceannasaíocht mhorálta sna Stáit Aontaithe i bhfianaise an bhealaigh ar bhásaigh George Floyd.
Tá seirbhísí cuimhneacháin in omós George Floyd thall ansin inniu.
Bhásaigh an fear Meiriceánach de bhunadh na hAfraice 10 lá ó shin i Minneapolis, agus é á choinneáil ag na póilíní.
Níl bás George Floyd á ligean i ndearmad faoi láthair i SAM
Tá agóidí, léirsithe agus eachtraí foiréigin feicthe ar fud Mheiriceá ó shin.
Chonacthas slua daoine lasmuigh den Teach Bán arís aréir ag léiriú a míshástachta.
Tá Derek Chauvin, an póilín a chonacthas ag fáisceadh anuas ar mhuineál George Floyd, le cúisiú anois i ndúnmharú den dara grád.
Agóidíocht i Minnesota
Tá Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, cáinte faoin mbealach a bhfuil sé tar éis na n-eachtraí seo ar fad a láimhseáil.
Iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, James Mattis a rinne an cáineadh is mó, ag rá nach bhfuil tada ón Uachtarán Trump, ach an pobal ansin a scoilteadh.