Tá triúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus tá 47 cás nua ann, a d'fhógair na húdaráis sláinte tráthnóna.

Fágann seo go bhfuil 1,659 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thosaigh an ráig agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,111 duine.

Dearbhaíodh inniu chomh maith go bhfuil ochtar eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil ocht gcás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 534 duine básaithe leis an ngalar ó thuaidh agus go bhfuil 4,740 cás deimhnithe ann.