Tá cúigear fear gafa ag na Gardaí mar chuid d'fhiosrúchán faoi sciúradh a dhéanamh ar os cionn €1.5 milliún i gcomhlachtaí bréige agus i gcuntais bainc a bhfuil ainmneacha bréige orthu.

Dúirt na Gardaí go bhfuarthas an t-airgead ó chaimiléireacht ar líne agus ó striapachas, agus gur goideadh cuid de freisin.

Tá na Gardaí ag fiosrú chomh maith faoi cheithre dhuine dhéag eile ar a laghad a bhfuil amhras go bhfuair siad íocaíochtaí Covid-19 nach raibh ag dul dóibh.

Dúirt siad gur daoine de bhunadh na Rómáine den chuid is mó an dream atá freagrach as an gcaimiléireacht seo. 

Tá na fir a gabhadh idir 25 agus 35 bliain d'aois agus tá siad ar fad á gceistiú i stásiúin Ghardaí i mBaile Átha Cliath.