Tá an tAire Sláinte Simon Harris ag iarraidh ar an bpobal maisc a chaitheamh in áiteanna áirithe, de réir mar a chomhairlíonn saineolaithe sláinte, le forleathadh an ghalair Covid-19 a chosc.

Dúirt sé gur chóir do dhaoine a n-éadain a chumhdach ar bhusanna, ar thraenacha agus i siopaí. 

An mhí seo caite, mhol an Rialtas maisc a chaitheamh in áiteanna a bhfuil sé deacair fanacht amach ó dhaoine eile. Níl an chomhairle seo á cur i bhfeidhm go coitianta, áfach.

hIarradh freisin nach mbainfeadh an gnáthphobal leas as maisc leighis mar go bhfuil siad sin ag teastáil ó oibrithe san earnáil sláinte. 

Dúirt an tAire Harris gur tábhachtaí anois ná riamh cloí le treoracha sláinte i dtaca leis an gcoróinvíreas de. 

Beidh cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí amárach agus cuirfidh siad comhairle ar an Rialtas ina dhiaidh maidir le srianta sóisialta a mhaolú tuilleadh agus ceisteanna eile a bhaineann le Covid-19.