D'achainigh an Pápa Proinsias ar mhuintir na Stát Aontaithe teacht le chéile agus cúl a thabhairt don chiníochas agus don fhoréigean.

Ag trácht dó ar mharú George Floyd i gcathair Minneapolis agus ar na caismirtí a tharla in áiteanna éagsúla ina dhiaidh, dúirt an Pápa cé nach bhfuil aon ghlacadh leis an gciníochas go mbíonn gach dream thíos leis de bharr an fhoréigin.

Bhásaigh George Floyd, fear den chine dhubh, tar éis do na póilíní é a ghabháil i Minneapolis naoi lá ó shin. Dúirt an Pápa gur bás "tragóideach" a bhí ann.

Rinne léirsitheoirí neamhaird arís aréir ar na cuirfiúnna a cuireadh i bhfeidhm i gcathracha ar fud Mheiriceá.  

Tuairiscítear go raibh an chuid is mó de na léirsithe síochánta.

Bhí gaolta George Floyd in éineacht le thart ar 60,000 duine a mháirseáil ina áit dúchais, Houston, Texas, agus is ann a adhlacfar é an tseachtain seo chugainn.