Dúirt an Teachta Dála ó Fhine Gael Fergus O'Dowd go mb'fhéidir gur cheart don Rialtas cuid de na hospidéil phríobháideacha a cheannach nó síneadh a chur le hospidéil eile le go mbeidh dóthain leapacha ar fáil do dhaoine atá ag fanacht le cóireáil leighis.

Tá Fergus O'Dowd ina bhall den choiste speisialta Dála maidir le Covid-19.

Dúirt urlabhraí na gcomhairleoirí ospidéal leis an gcoiste sin inné nach bhfuil an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an margadh a rinneadh leis na hospidéil phríobháideacha mar chuid de na beartais a tugadh isteach chun cosc a chur ar leathadh an choróinvíris.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Fergus O'Dowd gur cheart margadh nua a dhéanamh leis na hospidéil sin anois. 

Tá deireadh ag teacht leis an gconradh a bhí ag an Roinn Sláinte leis na hospidéil phríobháideacha, ach má bhíonn ráig eile den choróinvíreas ann beidh orthu conradh eile a dhéanamh, a dúirt an Teachta O'Dowd.