Tá an scátheagraíocht Inclusion Ireland ag iarraidh eolais ag cruinniú a bheas acu inniu leis an Aire Sláinte Simon Harris faoin méid daoine a tholg an galar Covid-19 in ionaid chónaithe do dhaoine a bhfuil míchumas orthu.

Déanann an eagraíocht ionadaíocht ar 66,000 duine a bhfuil míchumas intleachtúil orthu agus ar a dteaghlaigh.

Dúirt príomhfheidhmeanach na heagraíochta Enda Egan go mbeidh siad ag achainí ar an Aire Harris áiseanna a chur ar fáil sa phobal do na daoine seo le nach mbeidh siad i mbaol in institiúidí agus in ionaid chónaithe nuair a tharlaíonn géarchéim.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil ardú le ceithre huaire fichead ar an líon daoine a cuireadh san ospidéal leis an gcoróinvíreas nó a bhfuil comharthaí sóirt an víris orthu.

Ardú 92 othar atá i gceist agus fágann sé gur 422 duine atá san ospidéal faoi láthair mar gheall ar Covid-19. Tá 36 díobh in aonad dianchúraim.